15/10/2012

Ruairí Óg na Riocht Aontaithe - Ach Cad is Éireannach ann?

Tá Pat Hickey, Cathaoirleach Chomairle Olimpeach na hÉireann, ag rá má fhógraíonn Ruairí Mac Giolla Rua d'Éirinn go gcuirfidh sé é féin sa chéad áit le brat na hÉireann a iompar don tír i 2016, rud a deir sé a chuirfidh an galfaire óg, uimhir a haon de réir rangaithe, ar cheann de na haghaidheanna is aitheantaí ar chlár an domhain (murach é cheana?).

Tá seo ag teacht i ndiaidh don fhear óg as Co. an Dúin a rá gur mhothaigh sé go raibh sé ina Bhriotanach níos mó ná ina Éireannach, cé gur toradh rathúil d'Aontas Gailf na hÉireann é, rud a admhaíonn sé féin san agallamh céanna.

Le tamall anuas, mar is nós le muintir na sé chontae oirthuaisceartach na hÉireann, bhí brú ar an lead óg nochtadh cén taobh den sconsa ar luí a chuid dílseachtaí, gur féidir leo marc s'acu a chur air le léiriú gur leo na linn é, cosúil le madadh ar an tsráid ag scaoileadh múin (ná ag peinteáil) ar an cholbha. Anois, agus leid -ní fógairt dheimhnithe, tugtha go bhfógródh sé do Team GB i 2016, tá troid na féiniúlachta faoi lán seoil ar twitter, sna nuachtáin agus fud an idirlín faoina fhéiniúlacht náisiúnta.

Ach cad is Éireannach ann? An bhfuil a leithéid ann a thuilleadh ná an bhfuil sé i mbaol i ndomhan domhanda an lae inniu? An mbaineann sé leis an phas atá i do phóca, an áit ar rugadh tú ná an dóigh a gcaitheann tú do shaol?

Is féidir argóintí a thabhairt agus a chasadh ar na cúiseanna thuasluaite ar fad ach ag deireadh an lae nach dtiteann sé ar an té féin cinneadh a dhéanamh ar cé hiad agus cén náisiúntacht atá acu?

Roghnaíonn muid cén banna ceoil, cén foireann sacair agus cén cláracha teilifíse a leanaimid, ach an féidir linn ár bhféiniúlacht náisiúnta a roghnú mar an gcéanna?

Is Éireannach agus Gael mé féin. Tá pas na hÉireann agam, rugadh anseo mé agus caithim cuidmhór de mo shaol ag déanamh rudaí a bhfuil Éireannach go tiopúil. Ligim dom féin bheith sáite i mo chultúr, theanga, cheol (corruair), spórt agus tá mé bródúil as. Dá n-ardófaí aon cheist faoi mo náisiúntacht féin, is é an argóint is láidre a bheadh agam ná an dóigh a gcaithim mo shaol le tacú gur Éireannach agus Gael mé.

Mar sin, an amhlaidh lena mhálairt? Murach na gnéithe sin i mo shaol, nach mbeinn i m'Éireannach agus Ghael? Mura bhfuil an Ghaeilge, an CLG, ceol traidisiúnta na hÉireann agus cultúr na hÉireann mar ghné reatha i do shaol, an ionann sin agus a rá nach Éireannach thú. An sin atá a rá ag Ruairí Óg, ná Rory mar a ba cheart tagairt a dhéanamh air?

Sílim féin go bhfuil cás láidir ann le rá mura bhfuil na tréithe den chultúr le feiceáil i do shaol ní cuid den chultúr sin thú agus ní féidir tú a chur sa 'bhosca' sin -náisiúntacht san áireamh. Téann sé le ciall murar imir Rory peil Ghaelach le Lámh Foisdineach an Uachtar i Sullivan Upper, murar labhair sé focal Gaeilge ina shaol, murar fhreastal sé ar Oireactas ná Fhleadh na hÉireann, mura ndearna sé céimeanna damhsa Gaelaigh agus é óg ar sheó Gerry Kelly, téann sé le ciall nach mothódh sé ina Éireannach, agus más é tionchar na Breataine -an spórt, ceol, teilifís agus cultúr, an t-aon rud a líon an bearna, téann sé le ciall fosta go mothódh sé ina Bhriotanach.

Taitníonn gnéithe den chultúr thall liom fosta -fiú in amanna, níos mó ná gnéithe de mo chultúr féin. Sular bhain mé na déagaí amach b'fhéidir a rá go raibh níos mó de chultúr na Breataine i mo shaol ná cultúr na hÉireann, ach is mó an fás a rinneadh sna déagaí agus is cosúil gur roghnaigh mé cultúr na hÉireann agus m'fhéiniúlacht náisiúnta thar chultúr na Breataine.

Is breá liom an sacar go fóill, ní hannamh gur amharc mé ar X-Factor, agus nuair a bhím thar sáile ar saoire bím ag caint ar chláracha theilifíse Shasana mar "chláracha ón bhaile" -mar sin atá iontu. Níl mé liom féin ar seo ach an oiread, tá dúil ag Máirtín Mac Aonghusa i gcricéad, fiú ag tabhairt tacaíochta do Shasanna tá sé ráite, tá dúil as cuimse ag cuid de mo chairde i bPeil Mheiriceánach ar a n-amharcann siad sna huaireannta beaga go minic, agus tá geansaí na gCeilteach ag 99% de phoblachtánaigh.

Ach ní bhfaighfeá duine acu ag rá nach Éireannaigh iad mar i gcónaí is i gcultúr na hÉireann a infheistíonn muid an chuid is mó dár saolta, sin an áit a bhfuil ár gcroithe istigh ann, creideann muid ann agus nuair a théitear chun cnámha, is é sin a bheas fós ann.


Sílim go bhfuil ceacht le foghlaim uaidh seo. Maidir le náisiúntacht, baineann cothú, lena lámh foisdeanach san uachtar, an troid le dúchas is léir.

Mar chaomhnóirí chultúr na nGael, más maith linn é ná mura maith linn é, tá dualgas orainn bheith airdeallach i ndomhan domhanda go gcoinníonn muid an ceangal sin lenár gcultúr, lenár n-oidhreacht agus lenár stair. Agus caithfimid cinntiú nach gcaillean ár bpáistí é -ach gan bhrú a chur ag an am céanna, níos fusa le rá ná a dhéanamh tá a fhios agam. Cinnte lig dóibh sacar a imirt, tacaigh leo má tá siad ag iarraidh bheith ar an X-Factor, ceannaigh ceol Justin Bieber dóibh fiú, ach cinntigh fosta go bhfuil go leor dár gcultúr féin ag rith trína saolta ag an am céanna.


Thacaigh, tacaím agus tacóidh mé le Rory McIlroy cibé brat a iompraíonn sé, mar a thacaím le gasúr áitiúil ar bith a imríonn sacar le NI (Pat McCourt, Niall McGinn mar shampla), ná dornálaí a throideann i gCluichí an Chomhlathais (Paddy Barnes, Paddy Gallagher). Is iad ár gcomharsána iad, siúlann siad na sráideanna céanna linn, tuigeann siad an chraic mar a deirtear, mar sin mothaím go bhfuil rud éigin a cheanglaíonn muid, rud a roinnimid, agus cibé ainm a thugtar air; cultúr na hÉireann, cultúr Thuaisceart Éireann, cultúr na Breataine ná cibé ainm eile is féidir cumadh do, beidh mo thacaíocht acu go deo...a fhad is go mbíonn siad ag baint.


Mar fhocal scoir, má dheimhníonn McIlroy don Bhreatain beidh ar a laghad duine amháin sásta...


No comments:

Post a Comment