22/10/2012

Gaelach le Chéile? - Protastúnaigh agus an teanga

Ar na mallaibh léigh mé alt faoi Chomhdháil an PUP inar thug Linda Ervine caint faoin Ghaeilge agus an phobal Protastúnach. Ar ndóigh, ní ghlacfadh sé morán taighde le fáil amach go raibh rólanna tábhachtacha a imirt ag Protastúnaigh ar son na teanga ar feadh na mblianta ag am nuair nár nascadh teanga le creideamh ná polaitíocht. Ach mar atá anois, agus an Ghaeilge mar liathróid polaitíochta, mhothaigh mé gur deise é a chluinstint ó Phrotastúnach ag caint os comhair Protastúnaigh eile, ag aithint go bhfuil baint acu leis an teanga, nach gá bheith eaglach roimpi, agus gur leo í fosta, ná ar cheart a rá gur linne ar fad í go fóill.

Le linn an 20ú aois, ar an drochuair, mhothaigh daoine go raibh orthu 'séilbh' a ghlacadh ar chuile rud. Is linne an bóthar seo, is libhse an bóthar sin, is linne na hainmneacha seo, is libhse na hainmneacha siúd, seo spórt s'againn, sin spórt s'agaibh... Agus sin ag tarlú, ní fios go díreach cad é mar a thit an Ghaeilge ar thaobh amháin den sconsa, ach is mór an trua go raibh sí ar an sconsa sa chéad dul síos.

An é gur ghlac náisiúntóirí séilbh uirthi ag rá 'Is linne an Ghaeilge, mar is linne an tír, an cultúr, an spórt agus chuile rud eile a bhfuil baint aige leis an tír seo', ná an é gur dhiúltaigh na haontachtóirí an teanga ag rá 'Is libhse an Ghaeilge anois, níor mhaith linn aon bhaint le haon ghné de chultúr, spórt ná teanga na hÉireann', amhail colscaradh ina bhfuil an dá pháirtí ag iarraidh dearmad a dhéanamh go raibh dúil acu ina chéile, ná ar a laghad gur éirigh leo lena céile, uair den tsaol.

Cibé dóigh ar tharla sé, tharla sé gur cuireadh an Ghaeilge i mbosca mar chuid de thraidisiúin na náisiúntóirí agus bpoblachtánaigh -sóthuigthe ar ndóigh gur thit sí sa bhosca sin, ach ar an drochuair, cothaíodh eagla roimh an teanga i measc an phobal Protastúnach/aontachtach/dílseach, dá réir. Polaitiú na Gaeilge.

Ach tá stair na Gaeilge agus stair an Phrotastúnachais fite fúite trína chéile. Ba í an Ghaeilge an teanga a úsáideadh le daoine a thiontú ar an chreideamh ag Éilís I siar sa 16ú aois. Agus ba í Éilís I a chinntigh gur cuireadh an Ghaeilge i gcló don chéad uair leis an sprioc céanna a bhaint amach, tír Phrotastúnach a dhéanamh d'Éirinn. Cé nár éirigh léi le gach rud, tá an Ghaeilge i gcló a bhuíochas leis an Phrotastúnachas.

Fosta, ba Phrotastúnaigh cuid de na habhcóidí Gaeilge is mó, Dubhghlas De hÍde agus Robert McAdam ina measc. Is ábhar bróin é nuair a smaoiníonn tú ar amhráid a thug De hÍde faoin teanga ag tús an 20ú aois, "The Irish language, thank God, is neither Protestant nor Catholic, unionist nor separatist", agus mar atá sí anois.

Is gá mar sin, an Ghaeilge a dhípholaitiú ar leas na teanga féin. Cé go labhraíonn Sinn Féin agus an SDLP (go dtí pointe) ar son na teanga, b'fhearr na páirtithe eile a fháil ar bord fosta, ionsaí plámáis a dhéanamh orthu ar fad le suim a spreagadh iontu sa teanga, nach mbeidh siad eaglach roimh an Ghaeilge, go dtuigfidh siad nach gá bheith buartha roimpi, nach ann ach teanga, uirlís cumarsáide, nasc lenár stair go léir, rud atá inár n-ainmnithe go léir, inár logainmneacha go léir agus inár gcuid cainte go léir fiú más Béarla a bhíonn a labhairt againn.

Is fada an turas, tuigim sin, ach má tá sé tosaithe agus ag éirí leis in oirthear Bhéal Feirste nár cheart deachleachtadh a athdhéanamh?

Is cosúil ón chaint a thug Linda Ervine faoin tógra atá a dhéanamh ag Misean Bhéal Feirste Thoir go bhfuil suim ag Protastúnaigh sa teanga, go bhfuil ráchairt, de chinéal, ann di, go bhfuil Protastúnaigh fiosrach faoin Ghaeilge agus a luaithe agus a chuirtear i gcomhtheacs nach comhtheacs polaitiúil é titeann na bacainn agus fáiltítear an Ghaeilge isteach arís.

Ní mheasaim gur comhtharlú é go bhfuil suim ag na daoine bainte leis an tógra seo sa teanga, sílim go n-oibreodh sé i gceantair eile, rud a osclódh an teanga amach do dhaoine nach raibh deis riamh acu an Ghaeilge a fhoghlaim. Seans go bhfuil sé ag tarlú in áiteanna eile cheana féin gan fhios dom agus molaim é má tá.

Cibé dóigh, caithfidh muid na hiarrachtaí seo a fhorbairt. Sin an bealach is fearr le stádas na teanga a neartú agus a bhuanú sa phobal ar fad, leis na bacainn teanga a bhaint anuas ar na sráideanna, sna comhairlí, agus sa Tionól agus an Ghaeilge a chur i measc an phobail arís, mar nach linne í ag deireadh an lae?

7 comments:

  1. Ní dóigh liom gur rún ró mhór atá ann; thosaigh an scoilt i 1913 nuair a rinne an IRB cinneadh coinsiasach ceannas a ghlacadh ar Chonradh na Gaeilge agus é a mhúnlú chun a críche féin. Rud sách nádúrtha ag an am, aon rud a bhain leis an náisiún a shealbhú d'fhonn an poblacht a chuir chun cinn. Níor chabhraigh an margaíocht suarach domsa, duitse le linn Comhaontú Aoine an Chéasta ná Chill Rimhínn puinn leis an nimh a bhaint as an gceist.

    ReplyDelete
  2. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete
  3. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete
  4. Cuirimid iasachtaí ó 250,000.00 go 250,000,000.00. Max, ní mór dúinn a iontaofa, éifeachtach, go tapa agus dinimiciúil, gan aon seiceáil creidmheasa agus a ráthú 100% iasachtaí coigríche.

    Agus is é táillí ar ár n-iarratas ach an suim an ráta malairte (250 USD) Is 3% na n-iasachtaí iomlán, má tá suim agat a fháil ar ais chugainn trí tú. reekadorosey07@gmail.com

    Go raibh maith agat,
    Rosie Reekado

    ReplyDelete
  5. An bhfuil tú mar fhiontraí i gcúrsaí airgeadais nó ag teastáil ó airgead chun do ghnó a thosú, billí a íoc nó fiacha a réiteach, nó an gá duit iasacht chun gnó maith a thosú? An bhfuil scór creidmheasa íseal agat agus go bhfuil sé deacair do bhainc / caipiteal áitiúil ar mian leo creidmheas a fháil ó institiúidí airgeadais eile? Cibé an bhfuil iasacht nó maoiniú uait ar chúis ar bith, más rud é,

    * Iasachtaí Feithicle
    * Iasachtaí Real Estate
    * Iasachtaí Gnó
    * Iasachtaí Eile
    * Creidmheas
    * MasterCard

    Téigh i dteagmháil linn trí r-phost: juanwalkerloancompany@gmail.com
    Ní mór do thíortha ar fud an domhain a bheith tithíochta. Riachtanais do chustaiméirí.

    Ní mór duit an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil chun comhad próiseála iasachta a oscailt. 1. AINM COMPLETE: ...............................

    2. SEOLADH: .......... .................... .. ...

    3. OBAIR: .....................

    4. TÍORTHAÍ: ........................

    5. CONDITION: .................. ...... ..

    6. Cathair: ...........................

    7. SEX: ....... .....................

    8. Aois .......................... ..

    9. UIMHIR FÓGRAÍ CHONTAÍ: ..............

    10. UIMHIR NA CREDITHE A DHÉANAMH: ..........

    11. Ioncam míosúil ....... ...........

    12. DÉANAMH: ..................... ..

    13. CUSPÓIRÍ AN SPRIOC ....... ........

    Go raibh maith agat as an gcomhar lenár gCuideachtaí LOAN. SEOLADH EMAIL: juanwalkerloancompany@gmail.com

    ReplyDelete
  6. Sa saol simplí, tá ról an-sonrach ag an ngrá. Mar sin féin, is féidir linn do shaol grá a dhéanamh sláintiúil agus níl aon spás ann le haghaidh aon chineál trioblóide. Is féidir iad seo go léir le cabhair ó AGBAZARA TEMPLE OF SOLUTION. Chuidigh sé liom le litriú a thug mo chara le fada caillte ar ais le 48 uair a fhág mé le bean eile. is féidir leat teagmháil a dhéanamh air ( agbazara@gmail.com ) nó glaoch air ar +234 810 410 2662 agus a bheith sásta go deo mar a thaithí agam anois.

    ReplyDelete
  7. Dia duit Is mise Gráinne Mc Elwain Táim ó Chluain Dolcáin na hÉireann ach táim ag bogadh go Londain le mo fhear céile agus gortaíodh agus briseadh croí orm nuair a tháinig fadhb mhór chun cinn i mo phósadh seacht mí ó shin, idir mise agus mo fhear céile. chuir sé an cás chun na cúirte le haghaidh colscaradh. Dúirt sé nár theastaigh uaidh fanacht liom arís, agus ní raibh grá agam dom a thuilleadh. Mar sin pacáil sé amach as an teach agus chuir sé orm féin agus mo pháistí dul trí phianta tromchúiseacha. Rinne mé mo chuid deiseanna ar fad chun é a thabhairt ar ais tar éis go leor déirce, ach bhí gach rud míshásta agus dheimhnigh sé go ndearna sé a chinneadh agus níor theastaigh uaim é a fheiceáil arís. Mar sin, tráthnóna amháin, nuair a tháinig mé ar ais ón obair, bhuail mé le seanchara liom a chuir ceist orm faoi mo fhear céile. Mar sin mhínigh mé gach rud dó, agus mar sin dúirt sé liom gurb é an t-aon bhealach ar féidir liom mo fhear céile a fháil ar ais ná cuairt a thabhairt ar theilgean litrithe darb ainm DrIgbinovia, toisc gur oibrigh sé dó freisin. Mar sin níor chreid mé i litriú riamh, ach ní raibh aon rogha agam ach a chomhairle a leanúint. Ansin thug sé dom an seoladh ríomhphoist doctorigbinovia93@gmail.com den chaip litrithe a thug sé cuairt air. Mar sin an mhaidin dár gcionn chuir mé ríomhphost chuig an seoladh a thug sé dom, agus dhearbhaigh na riachtanais litrithe dom go bhfaighidh mé mo fhear céile ar ais an dá lá. Ráiteas iontach !! Níor smaoinigh mé riamh agus labhair sé liom agus dúirt sé liom gach rud is gá dom a dhéanamh. Ansin an mhaidin dár gcionn, mar sin iontas, d'iarr mo fhear céile nár ghlaoigh orm le seacht mí anuas orm a rá go raibh sé ag teacht ar ais. Cé chomh hiontach! Mar sin bhí sé mar sin tháinig sé ar ais an lá céanna, le go leor grá agus áthais, agus ghabh sé leithscéal as a dhearmad agus as an bpian a chuir sé orm agus ag ár bpáistí. Ón lá sin i leith, bhí ár gcaidreamh níos láidre anois ná mar a bhí sé cheana, le cabhair DrIgbinovia Mar sin rachaidh mé i gcomhairle leat má bhíonn aon fhadhb agat teagmháil a dhéanamh leis. glaoigh air nó cuir leis é ar Whats-app: +2348144480786 a bhuíochas mór do Drigbinovia ..!

    ReplyDelete