12/10/2012

Gaeilgeoirí gan Ghaeilge?!! - Cainníocht thar Chaighdeán



(3/3)

Cá mhéad Gaeilgeoirí atá in Éirinn faoi láthair na huaire? Ní féidir le héinne an cheist sin a fhreagairt, agus don té a shíleann go bhfuil an freagra ar fáil i nDaonáireamh, tá nuacht agam duit -insíonn daoine (gan Ghaeilge sa chás seo) bréaga. Macallaí den cholún, Overwhelmingly, we Irish prefer the lie a scríobh Declan Lynch ná Déaglán Ó Loinsigh nach fearr aithne air, a chluinim sibh ag smaoineadh.

Cé go labhraím Gaeilge gach lá i mo shaol agus tá a fhios agam go bhfuil Gaeilgeoirí eile ann amhail mé féin, níl mé comh soineanta le creidiúint go bhfuil an oiread sin daoine (1.7 milliún ó dheas agus thar 100,000 ó thuaidh) ann le Gaeilge labhartha acu.

Cá as a dtagann na figiúirí seo? Tá sé feicthe agam daoine ag déanamh áibhéil ar fhigiúirí ar leas na teanga, ag stocaireacht ar dhaoine eile a bhfuil báúil don teanga foirmeacha a líonadh ag ligint orthu gur Gaeilgeoirí iad ar leas na teanga, litreacha a chur ag impí seirbhísí i nGaeilge, arís ar leas na teanga -fiú tá sé déanta agam féin, ach tá mé idir dhá chomhairle anois más é an rud is fearr le déanamh don fhadtéarma do leas na Gaeilge.

Má fhreagraítear an cheist go hionraic, níl a fhios againn féin cá mhéad Gaeilgeoirí atá ann, freagra a fhágann muid cosúil le feirmeoir nach n-inseoidh duit riamh cá mhéad eallach atá aige (seachas go bhfuil an figiúr beacht ag an fheirmeoir). Mura bhfuil a fhios againn, cad é mar is féidir pleanáil, déanamh agus athbhreithniú bheith ann, agus na dul chun cinn a dhéanaimid a mhéadú thar am?

Tuigim (cé nach n-aontaím leis) gur gá cluichí polaitíochta a imirt in amanna le hacmhainní a fháil do thógraí, gur gá áibhéil a dhéanamh ar iarratais agus grúpaí in iomaíoch don airgead céanna (mar tá na cléasanna céanna a dhéanamh ag chuile dhuine), ach níor cheart go nglacfadh sin túsáit thar mhéadú cheart a dhéanamh ar ár gcuid dul chun cinn.

Is gá mar sin, an áibhéil seo, an rún salach atá againn, a ghlacadh faoi shrian sula ritheann sé ar shiúil leis féin, sula nochtar é  agus déanann sé damáiste nach féidir a chóiriú. Air sin, ar ár son féin is fearr caighdeán an eolais bheith maith seachas uimhreacha a chruthú.

Go háirithe le maoiniú gann na laetha seo, ní i bhfad é -mura bhfuil sé ag tarlú cheana féin- go mbeidh ár gcairde a thacaigh linn leis na litreacha a chur, a rinne áibhéil agus a lig orthu gurbh Ghaeilgeoirí iad, ní i bhfad é go mbeidh siad ag amharc ar earnáil na Gaeilge agus ag gearán faoin airgead imfhálaithe atá ag dul isteach inti, ach go háirithe anois go bhfuil a dtógraí féin ag fulaingt.


Molaim go mór an fuinneamh atá ag daoine a chuireann a ngrúpa pobail ar bun le seirbhísí Gaeilge a éascú, a eagraíonn ranganna Gaeilge, a bhíonn ag obair ó dhubh go dubh leis an teanga a spreagadh agus a chur i mbéal an phobail. Ní Gaeilgeoirí amháin a dhéanann seo fiú, tá go leor daoine nach Gaeilgeoirí iad a chuireann tógraí mar seo ar bun. Fiú, creid uaim é, tá coistí grúpaí Gaeilge gan oiread is Gaeilgeoir amháin ann.
CONTÚIRT!

Mura bhfuil an Ghaeilge ag coiste a bhfuil sé de sprioc acu an Ghaeilge a chur chun cinn, cad é mar is féidir leo é a dhéanamh mar is ceart? Ar ndóigh is féidir leo prachas ceart a dhéanamh do sa chás is measa. Is abhcóidí teanga na grúpaí Gaeilge fud na tíre, agus tá dualgas acu léiriú dá bpobal gur féidir an Ghaeilge a bheith in achan ghné den saol, ní féidir sin a dhéanamh mura bhfuil oiread is Gaeilgeoir amháin ar choiste ghrúpa Ghaeilge. Sa chás is fearr tá rialú caighdeáin de dhith i gcásanna (eisceachtúla) mar seo.

Go leana na hiarrachtaí ar aghaidh cinnte, agus le gach tacaíocht ó ghrúpaí Gaeilge eile, ach ní fearr grúpa eile a chur ar bun le rá go bhfuil ardú i líon na ngrúpaí Gaeilge, go háirithe nuair atá grúpa eile a bhfuil coiste le Gaeilgeoirí agus táithí ann gan mhaoiniú -mar atá.


Fáilte roimh chách, beannacht a scríobhtar go minic ar ábhar poiblíochta d'imeachtaí Gaeilge. Ach an fíor é i gcónaí an seintimint taobh thiar de? Is minic a bhí mé ag imeacht Gaeilge, ná sa Ghaeltacht sáite i gcomhrá as Gaeilge le mo chairde. Ach a luaithe agus a thagann duine gan Ghaeilge isteach imíonn an Ghaeilge ón chomhrá agus tiontaítear ar an Bhéarla le freastal ar dhuine amháin. Bainim féin sult as bheith ag labhairt i nGaeilge le mo chairde agus nuair a bhíonn 'gá' ann tiontú ón Ghaeilge, is cúis díoma é. Ar ndóigh tá mé féin ciontach as cara gan Ghaeilge a ghlacadh isteach ar chomhrá lán de Ghaeilgeoirí.

Amhlaidh a tharlaíonn ag imeachtaí Gaeilge. Ar ndóigh is gá gach duine sa phobal a ghlacadh linn, an Ghaeilge a oscailt amach, ach beidh i gcónaí an cheist ann ar cheart uimhreacha a chur thar chaighdeán ag imeachtaí Gaeilge. In amanna measaim gur fearr an fáilte a chur roimh Ghaeilge in áit roimh chách, agus caighdeán (Gaeilge) na himeachta a chur roimh na huimhreacha a fhreastlaíonn air.

Tá, dár ndóigh, plé le déanamh ar na ceisteanna atá tógtha agam (agus níos mó eile), agus níl na freagraí ar fad sna hailt seo tá a fhios agam, ach is gá fás folláin bheith ann maidir le Gaelscoileanna, líon na múinteoirí Gaeilge, spré na dtógraí Gaeilge agus neartú na teanga fud na tíre. Ní mór cinntiú nach gcaolaítear an teanga trí uimhreacha a chur roimh chaighdeán, agus caithfidh muid bheith féinshrianta leis seo a chur i gcrích mar ní dhéanfaidh duine ar bith eile é dúinn.

Go maire an Ghaeilge slán agus sláintiúil.

No comments:

Post a Comment