11/10/2012

Gaeilgeoirí gan Ghaeilge - Múinteoirí Focháilithe

Ar lean...(2/3)

Tá gága sa chóras oiliúint múinteoirí mar atá, córas atá ag scoilt leis an bhrú ón ráchairt le níos mó múinteoirí a chur amach sa chóras atá ag fás bliain i ndiaidh bliana mar gheall ar na cúiseanna réamhluaite.

Ní i bhfad ó shin a bhí scoth na Gaeilge an critéar le post múinteoireachta a fháil i nGaelscoil, fiú do dhaoine gan aon cháilíocht mhúinteoireachta -agus roinnt acu, le gach meas as na hiarrachtaí a rinne siad, gan an mhúinteoireacht ar chumas acu ar chor ar bith.

Aithníodh nach mairfeadh an cleachtadh seo agus nach seasfadh sé faoi scrúdú na n-udaras má bhí an earnáil le fás. Is uaidh sin a thit an dualgas ar na hollscoileanna freastal ar an ráchairt do mhúinteoirí a thraenáil ar ndóigh. Ach le fás róghasta agus ráchairt le níos mó múinteoirí a chur amach don earnáil ná mar is féidir a thraenáil ar ardchaighdeán san am céanna, tá gága ann.

Tá sé intuigthe gur díríodh isteach ar a raibh gann san earnáil Ghaeloideais -cleachtadh teagaisc agus cumas múinteoireachta, nuair a cuireadh an cúrsa BEd le céile. Dearadh an cúrsa le freastal ar an ghanntanas sin, ach chuathas rófhada chuig an taobh eile den scála cleachtadh teagaisc v Gaeilge nuair ab í áit sa lár go díreach an rud a bhí ag teastáil.

Faoi láthair na huaire baineann mórchuid na múinteoirí atá ag obair i nGaeloideas a gcéimeanna teagaisc amach ar cheann acu den dhá bhealaigh a leanas; baineann siad céim BA ná LibA(3 bliain) amach sa Ghaeilge sula ndéanann siad Teastas Iarchéime san Oideachas (TICO -1 bliain) in Ollscoil na Ríona, Ollscoil UladhColáiste Naomh Muire, ná; déanann siad céim BEd (4 bliain) i nGaeilge i gColáiste Naomh Muire.

Ar an chéad dul síos, tá cuma ar an scéal gur fearr níos mó ama a chaitheamh sa seomra ranga, thar cheithre bhliain le linn dóibh staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge agus BEd a bhaint amach le té a ullmhú do phost i nGaeloideas. Ach a mhalairt atá fíor do chuid de na múinteoirí seo. Tá laigeachtaí sa chúrsa BEd i gColáiste Naomh Muire, atá lochtach go pointe, as mí-éifeacht Ghaeloideais agus na Gaeilgeoirí gan Ghaeilge atá ag teacht amach as an chóras Gaelscolaíochta. Ach, ní deacair é a chóiriú.

Don té a théann an bealach traidisiúnta, caithfear léiriú go bhfuil siad proifísiúnta i nGaeilge agus i dteagasc - ar leithligh. Le linn dóibh céim BA sa Ghaeilge a dhéanamh scrúdaítear a gcuid Gaeilge idir léamh, scríobh, labhairt agus thuiscint, faigheann siad marcanna agus céim dá réir agus is ar láidreacht na céime sin a thugtar áit dóibh ar chúrsa TICO.

Tá áiteanna treoranta ar chúrsaí TICO agus mar sin ní mór céim mhaith bheith agat le háit a fháil, rud a chinntíonn nach ligtear ach do dhaoine a bhfuil láidir ó thaobh na Gaeilge de isteach ar na cúrsaí. Le linn an chúrsa seo déantar scrúdú ar ullmhú ranganna, smacht sa rang agus ábaltacht leis an teanga a theagasc, agus mar thoradh ní ligtear ach dóibh siúd a n-éiríonn leo TICO a chríochniú isteach sa seomra ranga ina dhiaidh.

Ar an dóigh seo, tá a fhios go bhfuil na hiarrthóirí seo oilte go caighdeán ard sa teanga agus sa teagasc, rud a sholáthraíonn na múinteoirí is fearr dár scoileanna agus dár bpáistí.

Faightear áiteanna ar an chúrsa BEd ar láidreacht mharcanna A-Leibhéal sa Ghaeilge (a scrúdaíonn an Ghaeilge mar dhara theanga) agus agallamh nuair nach bhfuil líofacht teanga ag mórchuid na n-iarrthóirí.

Ar an chúrsa seo -ar fáil i gColáiste Naomh Muire amháin ó thuaidh, scrúdaítear mic léinn thar cheithre bhliain ar an Ghaeilge agus ar a gcuid teagaisc, ach bíonn níos mó béime ar an teagasc -agus cuid den chleachtadh sin i mbunscoileanna Béarla le ranganna i mBéarla ar fad. Caithfidh mic léinn íosmhéid a bhaint amach i gcroímhodúil ar ndóigh, modúil i nGaeilge san áireamh, le pas a fháil ach ag deireadh na céime is meánmharc a bheartaíonn an chéim a bhaintear amach.

Ar an dóigh sin, is féidir le duine marcanna arda a bhaint amach sna modúil teagaisc ach titim siar sna modúil Gaeilge, ná a mhalairt fiú.  Tharla agus tarlaíonn seo, ach an chéad chás níos minice ná an dara chás mar gheall ar mheá na modúil teagaisc thar na modúil Gaeilge.

Is fadhb í seo a ligeann iarrthóirí focháilithe sa Ghaeilge isteach sna seomraí ranga i nGaelscoileanna, rud atá ag cur leis na fadhbanna teanga atá ag dáltaí gaelscoileanna -ach go háirithe sna cásanna nach bhfaigheann na páistí an Ghaeilge ach ón mhúinteoir amháin os rud é nach bhfuil sí sa teach acu.

Tá bradaíl forleathan ar an chúrsa BEd i gColáiste Naomh Muire fosta de réir mar a chluinim ó mhic léinn iad féin. Tá áistí (áistí Gaeilge an chuid is mó acu) a athchúrsáil bliain i ndiaidh bliana, gág eile a ligeann do dháltaí an cúrsa a chríochniú le cáilíocht a mhíléiríonn a gcumas Gaeilge.

Fiú tá sé ráite liom ag roinnt múinteoirí a tháinig tríd an chúrsa go gcreideann siad go raibh Gaeilge níos fearr acu sular thosaigh siad an cúrsa, teistiméireacht a thacaíonn lena bhfuil ráite agam -nach bhfuil cumas Gaeilge ag na múinteoirí a chríochnaíonn an cúrsa BEd.

Ná bímís aineolach áfach, is múinteoirí iontacha iad na múinteoirí seo, fiú na múinteoirí is fearr is féidir a rá má smaoinítear gurb iad a marcanna sa teagasc a thógann a meánmharc san iomlán, ach is é a laigeacht sa Ghaeilge a ligeann síos iad, an cúrsa BEd, an córas Gaeloideais agus ár bpáistí sa deireadh.

Soláthraíonn Coláiste Naomh Muire múinteoirí iontacha an rud atá a rá agam, ach ní sholáthraíonn siad Gaeilgeoirí dár scoileanna, agus is é an dá rud atá de dhith.

Is gá do Choláiste Naomh Muire mar sin, athbhreithniú a dhéanamh ar a gcóras marcála maidir leis an Ghaeilge de ar an chúrsa BEd, agus cinntiú go bhfuil níos mó meacháin ag an Ghaeilge ann, ná nach mór do mhic léinn meanmharc níos airde a bhaint amach sna modúil Gaeilge. Tá sé de dhualgas acu múinteoirí cáilithe i dteagasc agus i nGaeilge a chur amach sa chóras Gaeloideachais dár bpáistí, go háirithe más uathu an t-aon áit a bhfaighfidh cuid páistí an Ghaeilge.

Más fiú ór í an fhoghlaim, nár lige do titim ina bhréagór ag múinteoirí focháilithe.

No comments:

Post a Comment