(1/3)
Níl ag éirí leis an Ghaelscolaíocht ó thuaidh mar a ba cheart,
ach bunscolaíocht go háirithe. Tá daoine ag teacht fríd an chóras
Gaelscolaíochta nach bhfuil in ann an teanga a labhairt, a léamh ná a
scríobh, fiú in amanna, níl siad in ann í a thuiscint. Cad chuige seo?
Tá réimse fáthanna ann creidim; tuismitheoirí
nach Gaeilgeoirí iad, múinteoirí focháilithe agus (mí)d(h)íol na Gaelscolaíochta do na tuismitheoirí
réamhluaite.
Is iomaí páiste gaelscoile a imíonn
abhaile ón scoil na laetha seo
gan aon fhocal Ghaeilge a chluinstin ná a labhairt go dtí an lá dár
gceann agus iad ar
scoil arís. Níl Gaeilge sa bhaile acu agus is é Béarla teanga an tí,
teanga na sráide, teanga na teilifíse, teanga an idirlín agus beagnach
gach rud eile a dhéanann siad taobh amuigh den scoil. Fiú i measc na
sár-iarrachtaí, (a mholaim go mór), a dhéantar le ceol agus cláracha
sultmhara i nGaeilge a dhéanamh do pháistí tá an Ghaeilge ag bá i
bhfarraige Bhéarla.
Nuair a bunaíodh
Bunscoil Phobal Feirste, ba Ghaeilgeoirí iad na tuismitheoirí ar fad a chuir
a gcuid páistí chuig an scoil (ná na tithe mar a bhí). Chinntigh na tuismitheoirí go raibh an Ghaeilge
thart ar na páistí i mbeagnach gach gné den saol acu -ar scoil agus sa
saol taobh amuigh den scoil. Sin an fáth
gur oibrigh sé sa Ghaeltacht uirbeach úr, agus tháinig glúin de
Ghaeilgeoirí líofa amach as an tógra.
An difear
is mó atá idir an chóras anois ó thuaidh agus an córas a bhí ann sna
70í ná líofacht na Gaeilge atá ag na tuismitheoirí. Sna 70í bhí Gaeilge
líofa ag na tuismitheoirí, rud a chiallaigh go mbeadh Gaeilge sa bhaile
ag na páistí mar theanga bheo taobh amuigh den scoil. Anois, ní féidir a
rá go bhfuil 50% de thuismitheoirí líofa sa teanga, fiú 20% dearfainn.
Cad
chuige mar sin ar bogadh ar shiúil ón chreatlach a d'oibrigh
-tuismitheoirí le Gaeilge líofa a aimsiú agus bunscoil a bhunú dá bpáistí.
Mura bhfuil muid chun an creatlach a leanúint go mion, nár cheart fiú coimitmint
a fháil ó thuismitheoirí go bhfoghlaimeoidh siad an teanga, iad a
scrúdú dá réir mar a théann an páiste tríd an scoil le cinntiú go bhfuil
na hacmhainní cearta ag na páistí -sin tacaíocht clainne i nGaeilge.
Agus mura mbaineann tuismitheoirí an caighdeán ceart amach, is olc ach is cothrom an
réiteach a bheadh ann, ní mór an páiste a bhaint as an
ghaelscolaíocht nach
bhfulaingeoidh oideachas an pháiste san fhadtéarma -mar nach sin an
sprioc atá ag aon scoil, cinntiú go bhfaigheann páistí oideachas
ceart?
Má tá an córas le dul ar aghaidh mar atá caithfidh
tuismitheoirí dháltaí ghaelscoileanna an dualgas a ghlacadh le níos mó ná iarracht a dhéanamh leis
an Ghaeilge a fhoghlaim, is gá dóibh cinntiú
go bhfuil an Ghaeilge acu, go mbeidh siad in ann cuidiú a thabhairt dá
bpáistí lena gcuid léitheoireachta, lena gcuid obair baile, go mbeidh
suim acu i n-oideachas a bpáistí, agus, mar a deir an fógra teilifíse
úir, go mbeidh siad páirteach ann.
Tá daoine ann a
shílfidh gur ró-láidir a rá go bhfuil fáillí déanta ar pháistí ag
tuismitheoirí nach gcinntíonn go mbíonn an Ghaeilge acu le bheith
páirteach i n-oideachais a bpáistí ach tá fáillí déanta. Nuair a chaitheann
tuismitheoir am le páiste ag léamh scéil, ag cleachtadh litriúcháin agus
uimhreacha, mothaíonn an páiste go bhfuil suim ag an tuismitheoir ann,
gur fiú é a dhéanamh agus neartaíonn sé an nasc idir an pháiste agus an
tuismitheoir. Mura bhfuil an tuismitheoir in ann, ná ar cheart a rá sásta, seo a dhéanamh, cailleann an páiste amach, tá titim siar déanta ag an tuismitheoir, agus fáillí.
Ní leithscéal é nuair atá páiste 8
bliain d'aois le rá nach bhfuil go leor Gaeilge ag tuismitheoir le
cuidiú le hobair baile s'acu -tá cúig bhliain d'fhógairt acu ón am a chuir
siad go naíscoil iad, agus tá ranganna Gaeilge do thuismitheoirí ar fáil fud na háite na laetha seo.
Ar
ndóigh má ghlactar 'conarthaí teanga' isteach sa phictiúir cuirfear roinnt daoine as an Ghaelscolaíocht ón tús, agus cuirfidh
sé moill ar fhás an Ghaeloideais, ach cinnteoidh sé nach
gcaolaítear an córas Gaelscolaíchta agus gur fás folláin a bheas ag tarlú, rud atá níos fearr don Ghaeilge san
fhadtéarma.
(leanfar an téama Gaeilgeoirí gan Ghaeilge le hailt eile thar seachtain)
No comments:
Post a Comment