22/10/2012

Gaelach le Chéile? - Protastúnaigh agus an teanga

Ar na mallaibh léigh mé alt faoi Chomhdháil an PUP inar thug Linda Ervine caint faoin Ghaeilge agus an phobal Protastúnach. Ar ndóigh, ní ghlacfadh sé morán taighde le fáil amach go raibh rólanna tábhachtacha a imirt ag Protastúnaigh ar son na teanga ar feadh na mblianta ag am nuair nár nascadh teanga le creideamh ná polaitíocht. Ach mar atá anois, agus an Ghaeilge mar liathróid polaitíochta, mhothaigh mé gur deise é a chluinstint ó Phrotastúnach ag caint os comhair Protastúnaigh eile, ag aithint go bhfuil baint acu leis an teanga, nach gá bheith eaglach roimpi, agus gur leo í fosta, ná ar cheart a rá gur linne ar fad í go fóill.

Le linn an 20ú aois, ar an drochuair, mhothaigh daoine go raibh orthu 'séilbh' a ghlacadh ar chuile rud. Is linne an bóthar seo, is libhse an bóthar sin, is linne na hainmneacha seo, is libhse na hainmneacha siúd, seo spórt s'againn, sin spórt s'agaibh... Agus sin ag tarlú, ní fios go díreach cad é mar a thit an Ghaeilge ar thaobh amháin den sconsa, ach is mór an trua go raibh sí ar an sconsa sa chéad dul síos.

An é gur ghlac náisiúntóirí séilbh uirthi ag rá 'Is linne an Ghaeilge, mar is linne an tír, an cultúr, an spórt agus chuile rud eile a bhfuil baint aige leis an tír seo', ná an é gur dhiúltaigh na haontachtóirí an teanga ag rá 'Is libhse an Ghaeilge anois, níor mhaith linn aon bhaint le haon ghné de chultúr, spórt ná teanga na hÉireann', amhail colscaradh ina bhfuil an dá pháirtí ag iarraidh dearmad a dhéanamh go raibh dúil acu ina chéile, ná ar a laghad gur éirigh leo lena céile, uair den tsaol.

Cibé dóigh ar tharla sé, tharla sé gur cuireadh an Ghaeilge i mbosca mar chuid de thraidisiúin na náisiúntóirí agus bpoblachtánaigh -sóthuigthe ar ndóigh gur thit sí sa bhosca sin, ach ar an drochuair, cothaíodh eagla roimh an teanga i measc an phobal Protastúnach/aontachtach/dílseach, dá réir. Polaitiú na Gaeilge.

Ach tá stair na Gaeilge agus stair an Phrotastúnachais fite fúite trína chéile. Ba í an Ghaeilge an teanga a úsáideadh le daoine a thiontú ar an chreideamh ag Éilís I siar sa 16ú aois. Agus ba í Éilís I a chinntigh gur cuireadh an Ghaeilge i gcló don chéad uair leis an sprioc céanna a bhaint amach, tír Phrotastúnach a dhéanamh d'Éirinn. Cé nár éirigh léi le gach rud, tá an Ghaeilge i gcló a bhuíochas leis an Phrotastúnachas.

Fosta, ba Phrotastúnaigh cuid de na habhcóidí Gaeilge is mó, Dubhghlas De hÍde agus Robert McAdam ina measc. Is ábhar bróin é nuair a smaoiníonn tú ar amhráid a thug De hÍde faoin teanga ag tús an 20ú aois, "The Irish language, thank God, is neither Protestant nor Catholic, unionist nor separatist", agus mar atá sí anois.

Is gá mar sin, an Ghaeilge a dhípholaitiú ar leas na teanga féin. Cé go labhraíonn Sinn Féin agus an SDLP (go dtí pointe) ar son na teanga, b'fhearr na páirtithe eile a fháil ar bord fosta, ionsaí plámáis a dhéanamh orthu ar fad le suim a spreagadh iontu sa teanga, nach mbeidh siad eaglach roimh an Ghaeilge, go dtuigfidh siad nach gá bheith buartha roimpi, nach ann ach teanga, uirlís cumarsáide, nasc lenár stair go léir, rud atá inár n-ainmnithe go léir, inár logainmneacha go léir agus inár gcuid cainte go léir fiú más Béarla a bhíonn a labhairt againn.

Is fada an turas, tuigim sin, ach má tá sé tosaithe agus ag éirí leis in oirthear Bhéal Feirste nár cheart deachleachtadh a athdhéanamh?

Is cosúil ón chaint a thug Linda Ervine faoin tógra atá a dhéanamh ag Misean Bhéal Feirste Thoir go bhfuil suim ag Protastúnaigh sa teanga, go bhfuil ráchairt, de chinéal, ann di, go bhfuil Protastúnaigh fiosrach faoin Ghaeilge agus a luaithe agus a chuirtear i gcomhtheacs nach comhtheacs polaitiúil é titeann na bacainn agus fáiltítear an Ghaeilge isteach arís.

Ní mheasaim gur comhtharlú é go bhfuil suim ag na daoine bainte leis an tógra seo sa teanga, sílim go n-oibreodh sé i gceantair eile, rud a osclódh an teanga amach do dhaoine nach raibh deis riamh acu an Ghaeilge a fhoghlaim. Seans go bhfuil sé ag tarlú in áiteanna eile cheana féin gan fhios dom agus molaim é má tá.

Cibé dóigh, caithfidh muid na hiarrachtaí seo a fhorbairt. Sin an bealach is fearr le stádas na teanga a neartú agus a bhuanú sa phobal ar fad, leis na bacainn teanga a bhaint anuas ar na sráideanna, sna comhairlí, agus sa Tionól agus an Ghaeilge a chur i measc an phobail arís, mar nach linne í ag deireadh an lae?

15/10/2012

Ruairí Óg na Riocht Aontaithe - Ach Cad is Éireannach ann?

Tá Pat Hickey, Cathaoirleach Chomairle Olimpeach na hÉireann, ag rá má fhógraíonn Ruairí Mac Giolla Rua d'Éirinn go gcuirfidh sé é féin sa chéad áit le brat na hÉireann a iompar don tír i 2016, rud a deir sé a chuirfidh an galfaire óg, uimhir a haon de réir rangaithe, ar cheann de na haghaidheanna is aitheantaí ar chlár an domhain (murach é cheana?).

Tá seo ag teacht i ndiaidh don fhear óg as Co. an Dúin a rá gur mhothaigh sé go raibh sé ina Bhriotanach níos mó ná ina Éireannach, cé gur toradh rathúil d'Aontas Gailf na hÉireann é, rud a admhaíonn sé féin san agallamh céanna.

Le tamall anuas, mar is nós le muintir na sé chontae oirthuaisceartach na hÉireann, bhí brú ar an lead óg nochtadh cén taobh den sconsa ar luí a chuid dílseachtaí, gur féidir leo marc s'acu a chur air le léiriú gur leo na linn é, cosúil le madadh ar an tsráid ag scaoileadh múin (ná ag peinteáil) ar an cholbha. Anois, agus leid -ní fógairt dheimhnithe, tugtha go bhfógródh sé do Team GB i 2016, tá troid na féiniúlachta faoi lán seoil ar twitter, sna nuachtáin agus fud an idirlín faoina fhéiniúlacht náisiúnta.

Ach cad is Éireannach ann? An bhfuil a leithéid ann a thuilleadh ná an bhfuil sé i mbaol i ndomhan domhanda an lae inniu? An mbaineann sé leis an phas atá i do phóca, an áit ar rugadh tú ná an dóigh a gcaitheann tú do shaol?

Is féidir argóintí a thabhairt agus a chasadh ar na cúiseanna thuasluaite ar fad ach ag deireadh an lae nach dtiteann sé ar an té féin cinneadh a dhéanamh ar cé hiad agus cén náisiúntacht atá acu?

Roghnaíonn muid cén banna ceoil, cén foireann sacair agus cén cláracha teilifíse a leanaimid, ach an féidir linn ár bhféiniúlacht náisiúnta a roghnú mar an gcéanna?

Is Éireannach agus Gael mé féin. Tá pas na hÉireann agam, rugadh anseo mé agus caithim cuidmhór de mo shaol ag déanamh rudaí a bhfuil Éireannach go tiopúil. Ligim dom féin bheith sáite i mo chultúr, theanga, cheol (corruair), spórt agus tá mé bródúil as. Dá n-ardófaí aon cheist faoi mo náisiúntacht féin, is é an argóint is láidre a bheadh agam ná an dóigh a gcaithim mo shaol le tacú gur Éireannach agus Gael mé.

Mar sin, an amhlaidh lena mhálairt? Murach na gnéithe sin i mo shaol, nach mbeinn i m'Éireannach agus Ghael? Mura bhfuil an Ghaeilge, an CLG, ceol traidisiúnta na hÉireann agus cultúr na hÉireann mar ghné reatha i do shaol, an ionann sin agus a rá nach Éireannach thú. An sin atá a rá ag Ruairí Óg, ná Rory mar a ba cheart tagairt a dhéanamh air?

Sílim féin go bhfuil cás láidir ann le rá mura bhfuil na tréithe den chultúr le feiceáil i do shaol ní cuid den chultúr sin thú agus ní féidir tú a chur sa 'bhosca' sin -náisiúntacht san áireamh. Téann sé le ciall murar imir Rory peil Ghaelach le Lámh Foisdineach an Uachtar i Sullivan Upper, murar labhair sé focal Gaeilge ina shaol, murar fhreastal sé ar Oireactas ná Fhleadh na hÉireann, mura ndearna sé céimeanna damhsa Gaelaigh agus é óg ar sheó Gerry Kelly, téann sé le ciall nach mothódh sé ina Éireannach, agus más é tionchar na Breataine -an spórt, ceol, teilifís agus cultúr, an t-aon rud a líon an bearna, téann sé le ciall fosta go mothódh sé ina Bhriotanach.

Taitníonn gnéithe den chultúr thall liom fosta -fiú in amanna, níos mó ná gnéithe de mo chultúr féin. Sular bhain mé na déagaí amach b'fhéidir a rá go raibh níos mó de chultúr na Breataine i mo shaol ná cultúr na hÉireann, ach is mó an fás a rinneadh sna déagaí agus is cosúil gur roghnaigh mé cultúr na hÉireann agus m'fhéiniúlacht náisiúnta thar chultúr na Breataine.

Is breá liom an sacar go fóill, ní hannamh gur amharc mé ar X-Factor, agus nuair a bhím thar sáile ar saoire bím ag caint ar chláracha theilifíse Shasana mar "chláracha ón bhaile" -mar sin atá iontu. Níl mé liom féin ar seo ach an oiread, tá dúil ag Máirtín Mac Aonghusa i gcricéad, fiú ag tabhairt tacaíochta do Shasanna tá sé ráite, tá dúil as cuimse ag cuid de mo chairde i bPeil Mheiriceánach ar a n-amharcann siad sna huaireannta beaga go minic, agus tá geansaí na gCeilteach ag 99% de phoblachtánaigh.

Ach ní bhfaighfeá duine acu ag rá nach Éireannaigh iad mar i gcónaí is i gcultúr na hÉireann a infheistíonn muid an chuid is mó dár saolta, sin an áit a bhfuil ár gcroithe istigh ann, creideann muid ann agus nuair a théitear chun cnámha, is é sin a bheas fós ann.


Sílim go bhfuil ceacht le foghlaim uaidh seo. Maidir le náisiúntacht, baineann cothú, lena lámh foisdeanach san uachtar, an troid le dúchas is léir.

Mar chaomhnóirí chultúr na nGael, más maith linn é ná mura maith linn é, tá dualgas orainn bheith airdeallach i ndomhan domhanda go gcoinníonn muid an ceangal sin lenár gcultúr, lenár n-oidhreacht agus lenár stair. Agus caithfimid cinntiú nach gcaillean ár bpáistí é -ach gan bhrú a chur ag an am céanna, níos fusa le rá ná a dhéanamh tá a fhios agam. Cinnte lig dóibh sacar a imirt, tacaigh leo má tá siad ag iarraidh bheith ar an X-Factor, ceannaigh ceol Justin Bieber dóibh fiú, ach cinntigh fosta go bhfuil go leor dár gcultúr féin ag rith trína saolta ag an am céanna.


Thacaigh, tacaím agus tacóidh mé le Rory McIlroy cibé brat a iompraíonn sé, mar a thacaím le gasúr áitiúil ar bith a imríonn sacar le NI (Pat McCourt, Niall McGinn mar shampla), ná dornálaí a throideann i gCluichí an Chomhlathais (Paddy Barnes, Paddy Gallagher). Is iad ár gcomharsána iad, siúlann siad na sráideanna céanna linn, tuigeann siad an chraic mar a deirtear, mar sin mothaím go bhfuil rud éigin a cheanglaíonn muid, rud a roinnimid, agus cibé ainm a thugtar air; cultúr na hÉireann, cultúr Thuaisceart Éireann, cultúr na Breataine ná cibé ainm eile is féidir cumadh do, beidh mo thacaíocht acu go deo...a fhad is go mbíonn siad ag baint.


Mar fhocal scoir, má dheimhníonn McIlroy don Bhreatain beidh ar a laghad duine amháin sásta...


12/10/2012

Gaeilgeoirí gan Ghaeilge?!! - Cainníocht thar Chaighdeán



(3/3)

Cá mhéad Gaeilgeoirí atá in Éirinn faoi láthair na huaire? Ní féidir le héinne an cheist sin a fhreagairt, agus don té a shíleann go bhfuil an freagra ar fáil i nDaonáireamh, tá nuacht agam duit -insíonn daoine (gan Ghaeilge sa chás seo) bréaga. Macallaí den cholún, Overwhelmingly, we Irish prefer the lie a scríobh Declan Lynch ná Déaglán Ó Loinsigh nach fearr aithne air, a chluinim sibh ag smaoineadh.

Cé go labhraím Gaeilge gach lá i mo shaol agus tá a fhios agam go bhfuil Gaeilgeoirí eile ann amhail mé féin, níl mé comh soineanta le creidiúint go bhfuil an oiread sin daoine (1.7 milliún ó dheas agus thar 100,000 ó thuaidh) ann le Gaeilge labhartha acu.

Cá as a dtagann na figiúirí seo? Tá sé feicthe agam daoine ag déanamh áibhéil ar fhigiúirí ar leas na teanga, ag stocaireacht ar dhaoine eile a bhfuil báúil don teanga foirmeacha a líonadh ag ligint orthu gur Gaeilgeoirí iad ar leas na teanga, litreacha a chur ag impí seirbhísí i nGaeilge, arís ar leas na teanga -fiú tá sé déanta agam féin, ach tá mé idir dhá chomhairle anois más é an rud is fearr le déanamh don fhadtéarma do leas na Gaeilge.

Má fhreagraítear an cheist go hionraic, níl a fhios againn féin cá mhéad Gaeilgeoirí atá ann, freagra a fhágann muid cosúil le feirmeoir nach n-inseoidh duit riamh cá mhéad eallach atá aige (seachas go bhfuil an figiúr beacht ag an fheirmeoir). Mura bhfuil a fhios againn, cad é mar is féidir pleanáil, déanamh agus athbhreithniú bheith ann, agus na dul chun cinn a dhéanaimid a mhéadú thar am?

Tuigim (cé nach n-aontaím leis) gur gá cluichí polaitíochta a imirt in amanna le hacmhainní a fháil do thógraí, gur gá áibhéil a dhéanamh ar iarratais agus grúpaí in iomaíoch don airgead céanna (mar tá na cléasanna céanna a dhéanamh ag chuile dhuine), ach níor cheart go nglacfadh sin túsáit thar mhéadú cheart a dhéanamh ar ár gcuid dul chun cinn.

Is gá mar sin, an áibhéil seo, an rún salach atá againn, a ghlacadh faoi shrian sula ritheann sé ar shiúil leis féin, sula nochtar é  agus déanann sé damáiste nach féidir a chóiriú. Air sin, ar ár son féin is fearr caighdeán an eolais bheith maith seachas uimhreacha a chruthú.

Go háirithe le maoiniú gann na laetha seo, ní i bhfad é -mura bhfuil sé ag tarlú cheana féin- go mbeidh ár gcairde a thacaigh linn leis na litreacha a chur, a rinne áibhéil agus a lig orthu gurbh Ghaeilgeoirí iad, ní i bhfad é go mbeidh siad ag amharc ar earnáil na Gaeilge agus ag gearán faoin airgead imfhálaithe atá ag dul isteach inti, ach go háirithe anois go bhfuil a dtógraí féin ag fulaingt.


Molaim go mór an fuinneamh atá ag daoine a chuireann a ngrúpa pobail ar bun le seirbhísí Gaeilge a éascú, a eagraíonn ranganna Gaeilge, a bhíonn ag obair ó dhubh go dubh leis an teanga a spreagadh agus a chur i mbéal an phobail. Ní Gaeilgeoirí amháin a dhéanann seo fiú, tá go leor daoine nach Gaeilgeoirí iad a chuireann tógraí mar seo ar bun. Fiú, creid uaim é, tá coistí grúpaí Gaeilge gan oiread is Gaeilgeoir amháin ann.
CONTÚIRT!

Mura bhfuil an Ghaeilge ag coiste a bhfuil sé de sprioc acu an Ghaeilge a chur chun cinn, cad é mar is féidir leo é a dhéanamh mar is ceart? Ar ndóigh is féidir leo prachas ceart a dhéanamh do sa chás is measa. Is abhcóidí teanga na grúpaí Gaeilge fud na tíre, agus tá dualgas acu léiriú dá bpobal gur féidir an Ghaeilge a bheith in achan ghné den saol, ní féidir sin a dhéanamh mura bhfuil oiread is Gaeilgeoir amháin ar choiste ghrúpa Ghaeilge. Sa chás is fearr tá rialú caighdeáin de dhith i gcásanna (eisceachtúla) mar seo.

Go leana na hiarrachtaí ar aghaidh cinnte, agus le gach tacaíocht ó ghrúpaí Gaeilge eile, ach ní fearr grúpa eile a chur ar bun le rá go bhfuil ardú i líon na ngrúpaí Gaeilge, go háirithe nuair atá grúpa eile a bhfuil coiste le Gaeilgeoirí agus táithí ann gan mhaoiniú -mar atá.


Fáilte roimh chách, beannacht a scríobhtar go minic ar ábhar poiblíochta d'imeachtaí Gaeilge. Ach an fíor é i gcónaí an seintimint taobh thiar de? Is minic a bhí mé ag imeacht Gaeilge, ná sa Ghaeltacht sáite i gcomhrá as Gaeilge le mo chairde. Ach a luaithe agus a thagann duine gan Ghaeilge isteach imíonn an Ghaeilge ón chomhrá agus tiontaítear ar an Bhéarla le freastal ar dhuine amháin. Bainim féin sult as bheith ag labhairt i nGaeilge le mo chairde agus nuair a bhíonn 'gá' ann tiontú ón Ghaeilge, is cúis díoma é. Ar ndóigh tá mé féin ciontach as cara gan Ghaeilge a ghlacadh isteach ar chomhrá lán de Ghaeilgeoirí.

Amhlaidh a tharlaíonn ag imeachtaí Gaeilge. Ar ndóigh is gá gach duine sa phobal a ghlacadh linn, an Ghaeilge a oscailt amach, ach beidh i gcónaí an cheist ann ar cheart uimhreacha a chur thar chaighdeán ag imeachtaí Gaeilge. In amanna measaim gur fearr an fáilte a chur roimh Ghaeilge in áit roimh chách, agus caighdeán (Gaeilge) na himeachta a chur roimh na huimhreacha a fhreastlaíonn air.

Tá, dár ndóigh, plé le déanamh ar na ceisteanna atá tógtha agam (agus níos mó eile), agus níl na freagraí ar fad sna hailt seo tá a fhios agam, ach is gá fás folláin bheith ann maidir le Gaelscoileanna, líon na múinteoirí Gaeilge, spré na dtógraí Gaeilge agus neartú na teanga fud na tíre. Ní mór cinntiú nach gcaolaítear an teanga trí uimhreacha a chur roimh chaighdeán, agus caithfidh muid bheith féinshrianta leis seo a chur i gcrích mar ní dhéanfaidh duine ar bith eile é dúinn.

Go maire an Ghaeilge slán agus sláintiúil.

11/10/2012

Gaeilgeoirí gan Ghaeilge - Múinteoirí Focháilithe

Ar lean...(2/3)

Tá gága sa chóras oiliúint múinteoirí mar atá, córas atá ag scoilt leis an bhrú ón ráchairt le níos mó múinteoirí a chur amach sa chóras atá ag fás bliain i ndiaidh bliana mar gheall ar na cúiseanna réamhluaite.

Ní i bhfad ó shin a bhí scoth na Gaeilge an critéar le post múinteoireachta a fháil i nGaelscoil, fiú do dhaoine gan aon cháilíocht mhúinteoireachta -agus roinnt acu, le gach meas as na hiarrachtaí a rinne siad, gan an mhúinteoireacht ar chumas acu ar chor ar bith.

Aithníodh nach mairfeadh an cleachtadh seo agus nach seasfadh sé faoi scrúdú na n-udaras má bhí an earnáil le fás. Is uaidh sin a thit an dualgas ar na hollscoileanna freastal ar an ráchairt do mhúinteoirí a thraenáil ar ndóigh. Ach le fás róghasta agus ráchairt le níos mó múinteoirí a chur amach don earnáil ná mar is féidir a thraenáil ar ardchaighdeán san am céanna, tá gága ann.

Tá sé intuigthe gur díríodh isteach ar a raibh gann san earnáil Ghaeloideais -cleachtadh teagaisc agus cumas múinteoireachta, nuair a cuireadh an cúrsa BEd le céile. Dearadh an cúrsa le freastal ar an ghanntanas sin, ach chuathas rófhada chuig an taobh eile den scála cleachtadh teagaisc v Gaeilge nuair ab í áit sa lár go díreach an rud a bhí ag teastáil.

Faoi láthair na huaire baineann mórchuid na múinteoirí atá ag obair i nGaeloideas a gcéimeanna teagaisc amach ar cheann acu den dhá bhealaigh a leanas; baineann siad céim BA ná LibA(3 bliain) amach sa Ghaeilge sula ndéanann siad Teastas Iarchéime san Oideachas (TICO -1 bliain) in Ollscoil na Ríona, Ollscoil UladhColáiste Naomh Muire, ná; déanann siad céim BEd (4 bliain) i nGaeilge i gColáiste Naomh Muire.

Ar an chéad dul síos, tá cuma ar an scéal gur fearr níos mó ama a chaitheamh sa seomra ranga, thar cheithre bhliain le linn dóibh staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge agus BEd a bhaint amach le té a ullmhú do phost i nGaeloideas. Ach a mhalairt atá fíor do chuid de na múinteoirí seo. Tá laigeachtaí sa chúrsa BEd i gColáiste Naomh Muire, atá lochtach go pointe, as mí-éifeacht Ghaeloideais agus na Gaeilgeoirí gan Ghaeilge atá ag teacht amach as an chóras Gaelscolaíochta. Ach, ní deacair é a chóiriú.

Don té a théann an bealach traidisiúnta, caithfear léiriú go bhfuil siad proifísiúnta i nGaeilge agus i dteagasc - ar leithligh. Le linn dóibh céim BA sa Ghaeilge a dhéanamh scrúdaítear a gcuid Gaeilge idir léamh, scríobh, labhairt agus thuiscint, faigheann siad marcanna agus céim dá réir agus is ar láidreacht na céime sin a thugtar áit dóibh ar chúrsa TICO.

Tá áiteanna treoranta ar chúrsaí TICO agus mar sin ní mór céim mhaith bheith agat le háit a fháil, rud a chinntíonn nach ligtear ach do dhaoine a bhfuil láidir ó thaobh na Gaeilge de isteach ar na cúrsaí. Le linn an chúrsa seo déantar scrúdú ar ullmhú ranganna, smacht sa rang agus ábaltacht leis an teanga a theagasc, agus mar thoradh ní ligtear ach dóibh siúd a n-éiríonn leo TICO a chríochniú isteach sa seomra ranga ina dhiaidh.

Ar an dóigh seo, tá a fhios go bhfuil na hiarrthóirí seo oilte go caighdeán ard sa teanga agus sa teagasc, rud a sholáthraíonn na múinteoirí is fearr dár scoileanna agus dár bpáistí.

Faightear áiteanna ar an chúrsa BEd ar láidreacht mharcanna A-Leibhéal sa Ghaeilge (a scrúdaíonn an Ghaeilge mar dhara theanga) agus agallamh nuair nach bhfuil líofacht teanga ag mórchuid na n-iarrthóirí.

Ar an chúrsa seo -ar fáil i gColáiste Naomh Muire amháin ó thuaidh, scrúdaítear mic léinn thar cheithre bhliain ar an Ghaeilge agus ar a gcuid teagaisc, ach bíonn níos mó béime ar an teagasc -agus cuid den chleachtadh sin i mbunscoileanna Béarla le ranganna i mBéarla ar fad. Caithfidh mic léinn íosmhéid a bhaint amach i gcroímhodúil ar ndóigh, modúil i nGaeilge san áireamh, le pas a fháil ach ag deireadh na céime is meánmharc a bheartaíonn an chéim a bhaintear amach.

Ar an dóigh sin, is féidir le duine marcanna arda a bhaint amach sna modúil teagaisc ach titim siar sna modúil Gaeilge, ná a mhalairt fiú.  Tharla agus tarlaíonn seo, ach an chéad chás níos minice ná an dara chás mar gheall ar mheá na modúil teagaisc thar na modúil Gaeilge.

Is fadhb í seo a ligeann iarrthóirí focháilithe sa Ghaeilge isteach sna seomraí ranga i nGaelscoileanna, rud atá ag cur leis na fadhbanna teanga atá ag dáltaí gaelscoileanna -ach go háirithe sna cásanna nach bhfaigheann na páistí an Ghaeilge ach ón mhúinteoir amháin os rud é nach bhfuil sí sa teach acu.

Tá bradaíl forleathan ar an chúrsa BEd i gColáiste Naomh Muire fosta de réir mar a chluinim ó mhic léinn iad féin. Tá áistí (áistí Gaeilge an chuid is mó acu) a athchúrsáil bliain i ndiaidh bliana, gág eile a ligeann do dháltaí an cúrsa a chríochniú le cáilíocht a mhíléiríonn a gcumas Gaeilge.

Fiú tá sé ráite liom ag roinnt múinteoirí a tháinig tríd an chúrsa go gcreideann siad go raibh Gaeilge níos fearr acu sular thosaigh siad an cúrsa, teistiméireacht a thacaíonn lena bhfuil ráite agam -nach bhfuil cumas Gaeilge ag na múinteoirí a chríochnaíonn an cúrsa BEd.

Ná bímís aineolach áfach, is múinteoirí iontacha iad na múinteoirí seo, fiú na múinteoirí is fearr is féidir a rá má smaoinítear gurb iad a marcanna sa teagasc a thógann a meánmharc san iomlán, ach is é a laigeacht sa Ghaeilge a ligeann síos iad, an cúrsa BEd, an córas Gaeloideais agus ár bpáistí sa deireadh.

Soláthraíonn Coláiste Naomh Muire múinteoirí iontacha an rud atá a rá agam, ach ní sholáthraíonn siad Gaeilgeoirí dár scoileanna, agus is é an dá rud atá de dhith.

Is gá do Choláiste Naomh Muire mar sin, athbhreithniú a dhéanamh ar a gcóras marcála maidir leis an Ghaeilge de ar an chúrsa BEd, agus cinntiú go bhfuil níos mó meacháin ag an Ghaeilge ann, ná nach mór do mhic léinn meanmharc níos airde a bhaint amach sna modúil Gaeilge. Tá sé de dhualgas acu múinteoirí cáilithe i dteagasc agus i nGaeilge a chur amach sa chóras Gaeloideachais dár bpáistí, go háirithe más uathu an t-aon áit a bhfaighfidh cuid páistí an Ghaeilge.

Más fiú ór í an fhoghlaim, nár lige do titim ina bhréagór ag múinteoirí focháilithe.

10/10/2012

Gaeilgeoirí gan Ghaeilge?! - Fás gan leas

(1/3)

Níl ag éirí leis an Ghaelscolaíocht ó thuaidh mar a ba cheart, ach bunscolaíocht go háirithe. Tá daoine ag teacht fríd an chóras Gaelscolaíochta nach bhfuil in ann an teanga a labhairt, a léamh ná a scríobh, fiú in amanna, níl siad in ann í a thuiscint. Cad chuige seo? Tá réimse fáthanna ann creidim; tuismitheoirí nach Gaeilgeoirí iad, múinteoirí focháilithe agus (mí)d(h)íol na Gaelscolaíochta do na tuismitheoirí réamhluaite.

Is iomaí páiste gaelscoile a imíonn abhaile ón scoil na laetha seo gan aon fhocal Ghaeilge a chluinstin ná a labhairt go dtí an lá dár gceann agus iad ar scoil arís. Níl Gaeilge sa bhaile acu agus is é Béarla teanga an tí, teanga na sráide, teanga na teilifíse, teanga an idirlín agus beagnach gach rud eile a dhéanann siad taobh amuigh den scoil. Fiú i measc na sár-iarrachtaí, (a mholaim go mór), a dhéantar le ceol agus cláracha sultmhara i nGaeilge a dhéanamh do pháistí tá an Ghaeilge ag bá i bhfarraige Bhéarla.


Nuair a bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste, ba Ghaeilgeoirí iad na tuismitheoirí ar fad a chuir a gcuid páistí chuig an scoil (ná na tithe mar a bhí). Chinntigh na tuismitheoirí go raibh an Ghaeilge thart ar na páistí i mbeagnach gach gné den saol acu -ar scoil agus sa saol taobh amuigh den scoil. Sin an fáth gur oibrigh sé sa Ghaeltacht uirbeach úr, agus tháinig glúin de Ghaeilgeoirí líofa amach as an tógra.

An difear is mó atá idir an chóras anois ó thuaidh agus an córas a bhí ann sna 70í ná líofacht na Gaeilge atá ag na tuismitheoirí. Sna 70í bhí Gaeilge líofa ag na tuismitheoirí, rud a chiallaigh go mbeadh Gaeilge sa bhaile ag na páistí mar theanga bheo taobh amuigh den scoil. Anois, ní féidir a rá go bhfuil 50% de thuismitheoirí líofa sa teanga, fiú 20% dearfainn.


Cad chuige mar sin ar bogadh ar shiúil ón chreatlach a d'oibrigh -tuismitheoirí le Gaeilge líofa a aimsiú agus bunscoil a bhunú dá bpáistí. Mura bhfuil muid chun an creatlach a leanúint go mion, nár cheart fiú coimitmint a fháil ó thuismitheoirí go bhfoghlaimeoidh siad an teanga, iad a scrúdú dá réir mar a théann an páiste tríd an scoil le cinntiú go bhfuil na hacmhainní cearta ag na páistí -sin tacaíocht clainne i nGaeilge.

Agus mura mbaineann tuismitheoirí an caighdeán ceart amach, is olc ach is cothrom an réiteach a bheadh ann, ní mór an páiste a bhaint as an ghaelscolaíocht  nach bhfulaingeoidh oideachas an pháiste san fhadtéarma -mar nach sin an sprioc atá ag aon scoil, cinntiú go bhfaigheann páistí oideachas ceart?



Má tá an córas le dul ar aghaidh mar atá caithfidh tuismitheoirí dháltaí ghaelscoileanna an dualgas a ghlacadh le níos mó ná iarracht a dhéanamh leis an Ghaeilge a fhoghlaim, is gá dóibh cinntiú go bhfuil an Ghaeilge acu, go mbeidh siad in ann cuidiú a thabhairt dá bpáistí lena gcuid léitheoireachta, lena gcuid obair baile, go mbeidh suim acu i n-oideachas a bpáistí, agus, mar a deir an fógra teilifíse úir, go mbeidh siad páirteach ann.

Tá daoine ann a shílfidh gur ró-láidir a rá go bhfuil fáillí déanta ar pháistí ag tuismitheoirí nach gcinntíonn go mbíonn an Ghaeilge acu le bheith páirteach i n-oideachais a bpáistí ach fáillí déanta. Nuair a chaitheann tuismitheoir am le páiste ag léamh scéil, ag cleachtadh litriúcháin agus uimhreacha, mothaíonn an páiste go bhfuil suim ag an tuismitheoir ann, gur fiú é a dhéanamh agus neartaíonn sé an nasc idir an pháiste agus an tuismitheoir. Mura bhfuil an tuismitheoir in ann, ná ar cheart a rá sásta, seo a dhéanamh, cailleann an páiste amach, tá titim siar déanta ag an tuismitheoir, agus fáillí.

Ní leithscéal é nuair atá páiste 8 bliain d'aois le rá nach bhfuil go leor Gaeilge ag tuismitheoir le cuidiú le hobair baile s'acu -tá cúig bhliain d'fhógairt acu ón am a chuir siad go naíscoil iad, agus tá ranganna Gaeilge do thuismitheoirí ar fáil fud na háite na laetha seo.


Ar ndóigh má ghlactar 'conarthaí teanga' isteach sa phictiúir cuirfear roinnt daoine as an Ghaelscolaíocht ón tús, agus cuirfidh sé moill ar fhás an Ghaeloideais, ach cinnteoidh sé nach gcaolaítear an córas Gaelscolaíchta agus gur fás folláin a bheas ag tarlú, rud atá níos fearr don Ghaeilge san fhadtéarma.


(leanfar an téama Gaeilgeoirí gan Ghaeilge le hailt eile thar seachtain)